Cluiche Ceathrú-Ceannais Cúige Laighean

03 November 2018

Cluiche Ceathrú-Ceannais        Cúige Laighean


 


Dún Iomagáin 2-21


Droichead an Chnoic 0-07


 


D’imir Dún Iomagáin I gcoinne Droichead an Chnoic ar an Satharn, an triú lá de mhí na Samhna, i gcluiche ceathrú-cheannais Laighin. Cé go raibh an turas an-fhada, chuaigh slua mór ann ó Dhún Iomagáin. D’imir Dún Iomagáin ar fheabhas sa chéad leath agus bhí siad chun tosaigh 1-15 in aghaidh 0-2 ag leath ama. Sa dara leath bhí sé ag doirteadh báistí agus bhí gaoth ag séideadh a bhainfeadh craiceann díot. Lean Dún Iomagáin ar aghaidh leis an obair mhaith agus bhuaigh siad an cluiche, 2-21 in aghaidh 0-7. Beidh Dun Iomagáin ag imirt i gcluiche Leath Ceannais ar an seachtú lá déag de mhí na Samhna. Comhghairdeas do gach duine agus ádh mór orthu i gcluiche Leath Ceannais.


Daoine a bhfuair na scóranna:


Eoghan Cearnaigh 0-10 ; Dáire Mac Giolla Phádraig 0-02;  Michael Mac Óda 0-3 ; Liam O Faoláin 0-1;  Réamann Mac Óda 0-1; Sean Mac Giolla Phádraig 1-03; Ronán Ó Cobhthaigh 1-01


 


-        Oifigeach Gaeilge: Cainneach O Hicí