Match Reports

Dun Iomgáin in aghaidh Naomh Moling

04/07/2018
J.J. Kavanagh & Sons Paddy Cahill Cup
Cluiche Leath Ceannais


Dún Iomgáin 4-10
Naomh Moling 0-14

D’imir Dún Iomgáin i gcoinne Naomh Moling i gcomórtas seo ar an Déardaoin, an cúigiú lá de mhí Iúil. Thosaigh an cluiche ar ceathrú ceathrú chun a h-ocht ach bhí an aimsir do-chreidte fós ag an am sin. Bhí an ghrian ag scaoilteadh na gcloch agus bhí sé an-te. Bhí slua mór ann ag tnúth leis an gcluiche. Thosaigh Dún Iomgáin go maith agus bhí siad ag bagairt an chúil an t-am ar fad. Scórail siad ceithre chúl sa chéad leath. Bhí gach imreoir ag imirt go maith, go háirithe na himreoirí óga. Mar a deir an seanfhocail ‘mol an óige agus dtiocfaidh siad’ , agus is fíor sin gan dabht. Bhí Dun Iomgaín chun tosaigh 4-04 in aghaidh 0-09 ag leath am. Sa dara leath lean Dun Iomgáin ar aghaidh leis an imirt maith agus ag deireadh an chluiche bhí an bua ag Dun Iomgáin, 4-10 in aghaidh 0-14. Beidh Dún Iomgáin ag imirt i gcluiche ceannais an chomórtais seo go luath.
Comhghairdeas do gach duine agus ádh mór orthu i gcluiche ceannais.
Daoine a bhfuair na scóranna:
Thomas O’ Meachair 1-05 ; Adhamh Mac Giolla Phádraig 1-0 ; Dáire Mac Giolla Phádraig 1-01; Eadbhárd Ó Dúinn 1-0; Cainneach Ó Hicí 0-01 ; Andréas Mac Giolla Phádraig 0-01

- Oifigeach Gaeilge- Cainneach O Hicí